Bíodh saol breá agat i gcuideachta na mná céile, a bhfuil grá agat di, ar feadh laethanta uile na beatha díomhaoine a thugann Dia duit abhus faoi luí na gréine, dá bhaoithe féin iad. Óir is é sin an luach saothair atá i ndán duit as ucht a ndéanann tú abhus faoi luí na greine.
“Fear nuaphósta, ná téadh sé san arm agus ná bítear ag cur cúraimí air; fágtar sa bhaile é ar feadh bliana, saor ó dhualgais, le sólás a thabhairt don bhean a ghabh sé chuige.