Bíodh eagna agat, agus bíodh tuiscint; ná déan dearmad di, agus ná claon ó bhriathra mo bhéil.
Rinne sé an ceart i bhfianaise an Tiarna agus rinne aithris ar a shinsear Dáiví, gan fiaradh ar dheis ná ar chlé.
Lean mo chos go dlúth dá chéimeanna, Chloígh mé lena bhealach gan casadh i leataobh.
Is líonmhar lucht mo ghéarleanúna agus mo bhuartha; ní chlaonaim ó do phroiceapta.
Maslaíonn lucht an díomais mé go díocasach: ach ní chlaonaim ó do dhlí.
Tháinig na nithe seo uile orainn anuas siúd is nach ndearnamar dearmad ort, is nach rabhamar mídhílis do do chonradh
Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
Cén tairbhe airgead i láimh an amadáin le gaois a cheannach, agus é gan chiall?
An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d'aon sórt] fearg air.
An té a aimsíonn an eagna, fónann sé dó féin; an té a dhéanann cúram den tuiscint, aimsíonn sé sonas.
Ná déan an fhírinne riamh a dhíol, ach í a cheannach, mar an gcéanna le heagna, le smacht, agus le tuiscint.
Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.
Tús na heagna, an eagna a ghnothú: faigh an tuiscint mar sin fiú má chosnaíonn sí a bhfuil agat.
A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].
Má tá easpa eagna ar aon duine, iarradh sé ar Dhia í, Dia a thugann le féile do gach duine agus nach bhfuil ina dhiaidh orthu, agus tabharfar dó í.