Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 4:25

An Bíobla Naofa 1981

Féachadh do shúile díreach romhat, agus bíodh d'amharc romhat amach.

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Rinne mé margadh le mo shúile, Nach ndéanfaidís moill ag amharc ar mhaighdean.

Iompaigh mo shúile chun nach bhfeicfidh siad díomhaointeas; déan mo bheochan trí do shlíse.

Is breá leis an bhfear gan chiall an bhaois, ach siúlann an fear tuisceanach ar an gcosán díreach.

Bíonn gothaí na muiníne ar an urchóideach; déanann an fíréan a bhearta féin a mheá.

Feicfidh do shúile nithe aisteacha, agus tiocfaidh briathra earráideacha ó íochtar do chroí.

Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi, fásfaidh sciatháin uirthi, dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.

Tabhair cúl leis an mbéal mealltach, agus seachain an comhrá claon.

Bíodh an cosán faoi do chosa réidh, agus do shlite go léir daingean.

“Is í an tsúil lampa an choirp. Má bhíonn do shúil slán, beidh do chorp ar fad solasmhar.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí