Teilgigí uaibh na peacaí uile a rinne sibh orm; agus cothaígí ionaibh féin croí nua agus spiorad nua. Cad chuige gur toil libh bás a fháil, a mhuintir Iosrael?
Ach ní mór daoibh iad go léir a chaitheamh uaibh anois: caithigí uaibh an fhearg, an cuthach agus an mhailís; agus ná bíodh achasán ná caint ghraosta in bhur mbéal agaibh.
Díbrígí uaibh dá bhrí sin gach uile chineál salachair agus borradh na drochbheartaíochta agus glacaigí go ceansa le briathar Dé a síoladh ionaibh, an briathar atá in ann bhur n‑anam a shlánú.
An té nach gcoinníonn guaim ar a theanga níl sé ach ag cur dallamullóg air féin más dóigh leis go bhfuil sé ag cleachtadh an chreidimh; is fánach é a chleachtadh creidimh.