Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 4:21

An Bíobla Naofa 1981

Ná scaoil as do radharc iad, coinnigh i gcochall do chroí iad.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

ach féach, dúirt mé: “Seo ag teacht mé! i rolla an leabhair tá sé scríofa fúm

A mhic, má ghlacann tú le mo bhriathra, má thaisceann tú m'aitheanta i do chroí,

Beidh sé ina shólás agat iad a choimeád i do chroí, agus iad go léir a bheith mar phionna ar do bheola.

Ná déan dearmad de mo theagasc, a mhic, agus coinníodh do chroí greim ar m'aitheanta.

Cloigh, a mhic ó, le heagna stuama agus le críonnacht, ná scaoil as do radharc iad.

Ná tréigeadh dílseacht agus cneastacht go brách thú, ceangail faoi do bhráid iad, agus scríobh ar chláracha do chroí iad.

Teann le do chroí i gcónaí iad, agus ceangail faoi do bhráid iad.

Ceangail de do mhéireanna iad agus scríobh ar chlár do chroí iad.

“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí