Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 4:18

An Bíobla Naofa 1981

Tá bealach na bhfíréan mar an láchan, agus a solas ag dul i ngile go hard an lae.

Féach an chaibidil Cóip

25 Tagairtí Cros  

is cuma é nó gile na maidine le héirí gréine - agus an spéir gan scamall - ag glioscarnach ar fhéar an bháin tar éis báistí.

Beidh do shaol níos gile na meán lae, Agus déanfar láchan dá dhorchadas.

Cloíonn an fíréan lena bhealaí, Agus tagann breis nirt chun an té atá glan ó chroí.

Ach dá mbeadh eolas aige ar mo bhealaí, Dá ndéanfadh sé mé a phromhadh sa soitheach leá is mar ór a thiocfainn as.

Ag gabháil dóibh trí ghleann an tseirfin, feictear dóibh gur gleann na dtoibreacha é; líonann báisteach an earraigh le beannachtaí é.

Tá solas á nochtadh don fhíréan, agus lúcháir do lucht an chroí dhírigh.

[Lonraíonn] lóchrann an fhíréin, ach tagann múchadh ar lampa an urchóidigh.

Seolann cosán an eagnaí in airde chun na beatha, agus seachnaíonn sé Seól laistíos.

Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa, agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan.

Tuigfidh tú ansin an fhíréantacht agus an chóir, an ceart agus bealach na fíréantachta.

Is díreach bealach an fhíréin, réitíonn tú bóthar díreach don fhíréan.

Bíodh aithne againn ar an Tiarna; déanaimis ár ndícheall le haithne a chur air! Beidh a thaibhsiú chomh cinnte le breacadh an lae; tiocfaidh sé chugainn mar an bháisteach, amhail fearthainn an earraigh a uiscíonn an tír.”

Is sibhse solas an domhain. Cathair ar mhullach cnoic ní féidir í a cheilt.

Sibhse mar an gcéanna, bíodh bhur solas ag taitneamh os comhair daoine chun go bhfeicfidís bhur ndeaghníomhartha agus go nglóireoidís bhur nAthair atá ar neamh.

sin mar a bheidh sibh in bhur gclann ag bhur nAthair atá ar neamh, a chuireann faoi deara dá ghrian éirí ar olc agus ar mhaith, agus a fhearann báisteach ar chóir agus ar mhíchóir.

Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”

Níl aon phúicín orainne, áfach; tá scáil de ghlóir an Tiarna le feiceáil inár ngnúis mar a bheadh i scáthán agus sinn ag dul i gcosúlacht leis-sean ó niamhracht go niamhracht faoi luí Spiorad an Tiarna.

agus go mbeadh sibh chomh feiceálach ina measc le soilse na cruinne

Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n‑éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.

Ach ina ionad sin, leanaigí ar aghaidh ag bisiú i ngrásta agus in eolas ár dTiarna agus ar Slánaitheora Íosa Críost. Glóir dósan anois agus go lá na síoraíochta. Amen.

Agus ní gá don chathair grian ná gealach chun soilsiú uirthi, mar is í glóir Dé ba sholas di, agus ba é an tUan a lóchrann.

Ní bheidh oíche ann feasta, agus ní bheidh gá acu le solas lóchrainn ná solas na gréine, óir lonróidh an Tiarna Dia orthu agus rialóidh siad ar feadh na síoraíochta.

Go dté do naimhde go léir ar ceal, ar an gcuma sin, a Thiarna! Go raibh do chairde mar an ghrian, Agus í ag éirí i lán a nirt! Agus bhí suaimhneas ag an tír ar feadh daichead bliain.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí