Bíodh gach aon duine san airdeall ar a chara; ná taobhaigh le do dheartháir, mar go deimhin is forghabhálaí gach deartháir, is cúlghearrthóir dícheallach gach cara.
Mairg don mhuintir a bhíonn ag meabhrú urchóide agus ag beartú oilc ar a leaba. Le céadsolas na maidine siúd chun gníomhartha iad mar is acmhainn dóibh é.
Tá a lámha oilte ar an olc a dhéanamh; bíonn síntiús éigin á lorg ag an ardfheidhmeannach agus is féidir an breitheamh a cheannach le breab agus labhraíonn an fear tiarnais de réir a mhéine féin. Mo chreach! Camann siad an dlí.
Nuair a bhí sé ina lá, chruinnigh comhairle sheanóirí an phobail le chéile - uachtaráin na sagart agus scríobhaithe. Sheol siad i láthair a n‑ardchomhairle é.
Sheol siad Íosa ansin ó Cháiafas go dtí an Préatóiriam. Bhí sé moch ar maidin. Ní dheachaigh siad isteach sa Phréatóiriam ionas nach dtruailleofaí iad, ach go mba fhéidir dóibh an cháisc a ithe.
ach tháinig Lisias, an ceannasaí, orainn agus neart slua aige agus sciob sé as ár lámha é agus d'ordaigh sé do lucht a chiontaithe dul faoi do bhráid.)
Tá a súile lán d'adhaltranas, doshásta le peacaí; bíonn siad ag mealladh anamacha corrthónacha, agus a gcroí cleachtaithe ar an tsaint. Clann na mallachta!