Ná leag cos leat ar chosán na n‑urchóideach; ná siúl bealach na gciontach.
Is aoibhinn don fhear nach leanann de chomhairle lucht na héagráifeachta; nach seasann i slí na bpeacach, agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;
Má bhíonn peacaigh do do mhealladh, a mhic ó, ná géill dóibh.
A mhic, ná gabh an bealach leo, agus ná leag do chos ar a gcosán.
An té a mbíonn caidreamh aige ar dhaoine eagnaí, éiríonn sé féin eagnaí; bíodh amadáin mar chairde aige, agus beidh sé thíos leis.
Le heagla go bhfoghlaimeofá a bhealaí, agus go mbéarfaí ort i ngaiste.
Ná bí in éad le hurchóidigh, ná ag tnúth lena gcuideachta.
Seachain é, ná gabh an treo sin; tabhair cul leis, gabh thairis.
Stiúir do chúrsa i bhfad uaithi; agus ná téigh in aon ghiorracht do dhoras a tí,
Seo an tsraid síos anois é, le hais a cúinne, agus ag gabháil an chosáin chun a tí,
Tréigigí bhur mbaois agus mairfidh sibh; siúlaigí ar bhealach na tuisceana.”
Ná bíodh aon dul amú oraibh: “milleann drochchomhluadar dea-bhéasa.”