Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 4:11

An Bíobla Naofa 1981

Múinfidh mé slí na heagna duit, treoróidh mé thú ar bhealaí díreacha.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

mar a bhfaighim suaimhneas. Seolann sé ar shlí na fíréantachta mé mar gheall ar a ainm.

Leanfaidh tú, más ea, cosán lucht na córa, agus cloífidh tú le bealaí na bhfíréan.

Sé mhúin sé dom agus sé a dúirt: “Bíodh mo bhriathra i gcochall do chroí; coinnigh m'aitheanta agus mairfidh tú beo.

Siúlaim i mbealach na fíréantachta, i mbealaí na córa,

Éistigí, mar tá nithe uaisle le rá agam; agus as mo bheola tiocfaidh an ceart.

Is díreach iad don té a thuigeann, agus is ceart iad don té a aimsíonn an t‑eolas.

I dteannta a bheith ina eagnaí é féin, roinn Cóheilit a chuid eolais ar an bpobal freisin agus é ag meá agus ag mionscrúdú agus ag cóiriú a lán seanfhocal.

“A dhuine atá lán den uile chealg is ghliceas,” ar seisean, “a mhic an diabhail agus a namhaid na huile chóra, nach stadfá de bheith ag camadh slite díreacha an Tiarna?

Seo mise ag teagasc dlíthe agus reachtanna daoibh, mar a d'aithin an Tiarna mo Dhia dom, le comhlíonadh agaibh sa tír ina bhfuil sibh ag dul le seilbh a ghabháil air.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí