Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 4:1

An Bíobla Naofa 1981

Éistigí, a chlann mhac, le teagasc athar; tugaigí aird agus foghlaimigí céard í an tuiscint ghrinn.

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Tagaigí le chéile, a mhaca Iacóib, agus éistigí; éistigí le hIosrael bhur n‑athair.

Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga: ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.

Le go mba eol céard iad an eagna agus an teagasc; le go dtuigfí briathra ciallmhara;

Éist, a mhic, le teagasc d'athar agus ná séan oiliúint do mháthar.

Tugann an mac eagnaí [grá] do smacht a athar; ach ní éisteann fear na fonóide le ceartú.

Tabhair cluas do chomhairle, agus glac le teagasc, le go mbeadh breis gaoise agat as seo amach.

Ráitis na saoithe: Tabhair cluas agus éist le briathra na saoithe, agus crom ar a bhfoghlaim.

A mhic, tabhair aird ar m'eagna, agus tabhair cluas go géar do mo chuid cainte.

Abair leis an eagna: “Is tú mo shiúr,” agus tabhair do “chara dil” ar an tuiscint,

D'umhlaíomar do ghuth Iónádáb mhic Raecáb, ár sinsear san uile ní dár ordaigh sé dúinn; gan fíon a ól feadh ár mbeatha, sinn féin, ár mná, ár mic, ná ár n‑iníonacha,

Ní mór dúinn, mar sin, aird níos mó ná riamh a thabhairt ar a bhfuil cloiste againn le heagla go n‑imeoimis le sruth.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí