Oscail féin do bhéal ar son an bhalbháin, agus ar son chearta cách atá treigthe.
Scoir na flatha den chaint. Agus leag méara ar a mbeola.
Go dtaga i do láthair osnaí bróin na bpríosúnach; agus go saora tú le do chumhacht an dream a daoradh chun báis.
Salm Ásáf. 1 Éiríonn Dia sa chomhthionól diaga a thabhairt breithiúnais i lár na ndéithe.
Tá an eagna ró-ard don amadán agus ní bhíonn smid as ag geata na cathrach.
Déanann an fíréan cúram de chearta na mbocht, ní chuireann a leithéid d'eolas as don urchóideach.
Ólaidís agus déanaidís dearmad ar a dtubaiste, agus ná cuimhnídís ar a n‑ainnise a thuilleadh.
rí theaghlaigh Dháiví! Is mar seo a deir an Tiarna: ‘Gach maidin tabhair breith cheart, tarrthaigh an té a ndearnadh éigeart air as láimh fhear a ansmachta, nó léimfidh m'fhearg amach ar nós tine, loscfaidh sí agus ní bheidh fear a múchta le fáil.
Ach sheas Irimia faoi choimirce Aichíceám mhic Sheáfán, agus níor tugadh é ar láimh don phobal le cur chun báis.
“An dtugann ár ndlí breith ar aon duine gan éisteacht a thabhairt dó ar dtús agus a fháil amach cad tá sé a dhéanamh?”
Ansin d'fhreagair Iónátán Sól, a athair: “Cén fáth é a chur chun báis,” ar sé, “céard atá déanta aige?”