Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 31:4

An Bíobla Naofa 1981

Ní dual do ríthe, a Lamúéil, ní dual do ríthe fíon a ól, ná do fhlatha bheith tugtha do dheoch chrua.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Rinne a shearbhónta Zimrí, ceannaire leath a chairbtheach, comhcheilg ina aghaidh agus nuair a bhí sé ar meisce le teann óil i dteach Arzá, fear a bhí ina reachtaire ar an bpálás i dTirzeá,

Nuair a chuala Bein Hadad an teachtaireacht sin agus é ag ól leis na ríthe faoi na scáthláin, dúirt sé lena chuid fear: “Chun bhur láithreacha libh!” agus chuadar chun a láithreacha in aghaidh na cathrach.

Tá an fíon gan stuaim, agus is trodaire é an braon crua; níl aon chiall ag an té a mheallann sé.

Beidh tú amhail duine ina chodladh i lár an aigéin, amhail duine ina shuan ar an stiúir.

Is méanar duit, a thír, ar de shliocht uasal do rí agus nach gcaitheann do phrionsaí fleá go meisciúil ach in am is i dtráth chun a neart a chothú.

Is mairg do ghaiscígh na pótaireachta, agus do na laochra a mheascann an bhiotáille!

Go deimhin is go dearfa is fealltach an ní é an [saibhreas]. Duine uaibhreach corrthónach is ea an té a leathnaíonn a chraos amach mar a dhéanann Seól, agus atá chomh doshásaithe leis an mBás, an té a bhailíonn chuige féin na ciníocha uile agus a thiomsaíonn na náisiúin go léir ar mhaithe leis féin.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí