Ní eagla léi sneachta a theacht ar a teaghlach, mar go bhfuil éadach [cluthair] ar a seirbhísigh go léir.
Thug sé dhá fhallaing shaoire an duine dóibh, ach thug sé cúig fhallaing shaoire agus trí chéad seicil airgid do Bhiniáimin.
A iníonacha Iosrael caoinigí Sól, A ghléas sibh go caithiseach le héadaí craoraga, A chuir dealga óir Ar bhur bhfeisteas.
bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann. Is cuma nó fínéagra a chur i gcréacht amhráin a chasadh do chroí duairc.
Déanann sí a cuilteanna féin, agus bíonn línéadach mín agus éidí corcra uimpi.
Tá sciatha a laochra dearg agus tá a shaighdiúirí faoi éide chraorag. Tá cruach na gcarbad ag spréacharnach mar thine agus iad á gcur in eagar catha; tá flosc chun troda ar an eachra.