Seanfhocal 30:9An Bíobla Naofa 1981Ar eagla go mbeinn sách agus go séanfainn thú, agus go ndéarfainn: “An Tiarna? - cé hé féin?” Nó go mbeinn bocht agus go ndéanfainn goid, agus go maslóinn ainm mo Dhé. Féach an chaibidil |
Sa chás go bpeacaíonn duine [i gceann de na cúinsí seo leanas]: Má chluineann duine an mionnú sollúnta chun fianaise a thabhairt agus go mba chóir dó teacht i láthair le fianú, mar go raibh fianaise súl aige ar an ngnó, nó eolas eile air, ach nár labhair sé amach agus go bhfuil iarsmaí a dhrochbhirt á n‑iompar aige;
Óir nuair a bheidh siad seolta isteach agam sa tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda, an tír a mhionnaigh mé a thabharfainn dá n‑aithreacha, agus go n‑íosfaidh siad agus go mbíonn a mbolg lán, agus blonag orthu, iompóidh siad chun déithe eile agus déanfaidh siad seirbhís dóibh, agus beidh drochmheas acu ormsa agus brisfidh siad mo chonradh.