Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 30:4

An Bíobla Naofa 1981

Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!

Féach an chaibidil Cóip

31 Tagairtí Cros  

Chuir Iacób ceist air ansin: “Inis dom, le do thoil, cad is ainm duit.” Ach dúirt seisean: “Cén fáth m'ainm a fhiafraí díom?” Agus thug sé a bheannacht dó ansin.

An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?

Is airde é ná na spéartha! - Cad tá ar do chumas? Is doimhne é ná Seól! - Cad tá ar eolas agat?

Cheangail sé na huiscí ina néalta, Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n‑ualach.

Seolann sé scamaill ó chríocha na cruinne; déanann sé fearthainn le saighneáin tine; tógann sé na gaotha as a n‑ionaid taisce.

Foilseoidh mé reacht an Tiarna. “Is tú mo mhac,” a dúirt an Tiarna liom, “inniu is ea a ghin mé thú.

Íosfaidh na bochtáin agus sásófar iad; molfaidh lucht a iarrtha an Tiarna. Go maire bhur gcroí go brách!

Is é féin a bhunaigh ar an aigéan é agus a dhaingnigh ar an bhfarraige íochtarach é.

Tá na mílte agus na mílte de charbaid Dé ann; tháinig an Tiarna ó Shíonái chun an ionaid naofa.

Shéid tú anáil, agus d'iaigh an fharraige orthu. Chuadar faoi mar luaidhe sna huiscí gáifeacha.

Thaispeánas mé féin d'Abrahám, d'Íosác, agus do Iacób faoin ainm ‘Dia Uilechumhachtach’; ach níor chuireas mé féin in aithne dóibh faoi m'ainm féin ‘an Tiarna.’

Is ea, is amhlaidh seo a labhraíonn an Tiarna, Cruthaitheoir na spéartha, arb é Dia é, arb é a dhealbhaigh an talamh agus a rinne é, a chuir bun faoi agus nár chruthaigh in anord é ach a rinne áit chónaithe de: “Is mise an Tiarna, níl m'athrach ann.

Le barr éigin agus le breithiúnas tugadh ar shiúl é; cé atá buartha faoina chríoch? Sea! Teascadh é as tír na mbeo; as ucht ár gcoireanna a ciorraíodh é.

Is é an Tiarna féin mar sin a thabharfaidh comhartha daoibh. Seo, tá an ógbhean ag iompar agus ar tí mac a shaolú, agus tabharfaidh sí Ímeánuéil mar ainm air.

Níl teorainn lena thiarnas ná críoch lena shíocháin ar chathaoir ríoga Dháiví agus ar a ríogacht, ag cur bun agus taca leo, sa cheart agus san fhíréantacht feasta go brách. - Díograis dhílis an Tiarna a chuirfidh sin i gcrích.

Ina laethanta siúd sábhálfar Iúdá agus cónóidh Iosrael faoi dhóchas. Is é seo an t‑ainm a bhéarfar air: An Tiarna ár bhfíréantacht.

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus níl aithne ag aon neach ar an Mac ach amháin ag an Athair, ná níl aithne ag aon neach ar an Athair ach amháin ag an Mac agus an té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.

Tá gach aon ní tugtha domsa ag m'Athair. Agus ní eol d'aon neach cé hé an Mac ach amháin don Athair, ná cé hé an tAthair ach amháin don Mhac agus don té ar toil leis an Mac a fhoilsiú dó.”

Níl aon duine a chuaigh suas ar neamh, ach an té a tháinig anuas ó neamh, Mac an Duine [atá ar neamh].

Ach is é a deir an fhíréantacht a thagann ó chreideamh: Ná habair leat féin: “Cé a rachaidh suas ar neamh?” (is é sin le rá chun Críost a thabhairt anuas);

“Mura gcoimeádann tú briathra uile an dlí seo atá scríofa sa leabhar seo le barr cáiréise, d'fhonn go mba eagal leat an t‑ainm glórmhar uafar seo: An Tiarna do Dhia,

Ní ar neamh atá sé agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh suas ar neamh dúinn lena bhreith anuas chugainn, chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”

Bladhm thine a shúile, agus ar a cheann tá mórán mionn ríoga, agus tá ainm aige scríofa nach eol d'aon duine ach dó féin amháin.

D'fhreagair aingeal an Tiarna é: “Cad a ba áil leat ag fiafraí m'ainm díom, mar is iontach é.”




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí