Óir déantar cuigeann le maistriú, tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í, agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í.
Thug sé leis ansin gruth agus bainne agus an lao a bhí réidh aige agus leag sé an chóir sin go léir rompu agus fad a bhíodar ag ithe sheas sé láimh leo faoin gcrann.
Gineann fuath achrann, ach cuireann an grá brat thar gach cóir.
Adhnann an duine lasánta achrann, ach réitíonn an duine sochma aighneas.
Síolann an cealgaire aighneas, agus deighleann an béadánaí dlúthchairde óna chéile.
Is cuma aighneas a thosú nó scaoileadh le tuile; buail cos air dá bhrí sin sula n‑adhntar an t‑achrann.
Gualach don ghríosach, brosna do thine, agus fear achrainn le haighneas a adhaint.
Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.
Adhnann an fear drochmhianaigh achrann, agus is cúis mhór peaca fear na feirge.
Briathra Lamúéil rí Mhasá, a mhúin a mháthair dó.