Má bhí sé de bhaois ionat dul le mire, agus go bhfuil aiféala anois ort, buail bos ar do bhéal;
Tugaigí aird orm, agus cuirfear déistean oraibh, Agus ní bheidh focal asaibh.
Féach! Is beag le rá mise; cén freagra a thabharfaidh mé ortsa? Is fearr dom mo lámh a leagan ar mo bhéal, dá bhrí sin.
Bíonn cáil na heagna fiú ar an amadán má choimeádann sé a bhéal dúnta; nuair nach mbíonn focal as, meastar go bhfuil sé cliste.
An bhfeiceann tú duine atá ciallmhar dar leis féin? Is mó an dóchas atá ann don amadán na dósan.
An coileach ag starrfach i measc na gcearc, an pocán, taoiseach an tréada, agus an rí [ag aitheasc] a phobail.
Mar is eol dúinn, gach a ndeir an dlí is leo sin atá faoi réir an dlí a deir sé é, chun go gcuirfí gach béal ina thost agus go mbeadh an domhan go léir freagrach do Dhia.