Bean thréigthe, nuair a phósann, agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása.
Coróin a fir bean mhaith, ach is fochall ina chnámha bean gan náire.
Scriosann amadán mic a athair; is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.
Is fearr cur fút san fhásach ná le báirseach cancrach mná.
Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn.
Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá baistí, báirseoir mná;
An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige, eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.
Daor nuair is rí, daoi nuair is sáitheach,
Tá ceithre nithe ar an talamh atá bídeach, ach is acu atá togha na gaoise: