Beidh sin ina íocshlainte do do cholainn agus ina fhaoiseamh do do chnámha.
A cheathrúna ramhar méith, Agus smior a chnámh gan seascadh.
Leigheasann sé lucht an chroí bhriste; agus déanann a gcréachtaí a cheangal.
Is cuma nó cior mheala briathra séimhe; is milis iad le blaiseadh agus is sláintiúil iad don chorp.
Óir is beatha iad don mhuintir a aimsíonn iad, agus is sláinte iad don cholainn ar fad.
ó bhonn na gcos go baithis, níl ball folláin ann: créachtaí, fearbacha, cneánna oscailte nach ndeachaigh bréid ná ceangal orthu, ná cógais ola.
Ar a fheiceáil daoibh, beidh lúcháir ar bhur gcroí, agus beidh bhur gcnámha chomh húr le geamhar féir. Léireoidh an Tiarna a neart dá sheirbhísigh agus cuirfidh a naimhde aithne ar a fhearg.