Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 3:35

An Bíobla Naofa 1981

Onóir is oidhreacht ag lucht na heagna, ní bhíonn ach an táire mar chuid ag amadáin.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Clúdóidh mé a naimhde le náire, ach caithfidh sé féin a choróin faoi ghradam.

Déanfaidh tú mo threorú le do chomhairle agus glacfaidh tú chun na glóire faoi dheoidh mé.

Moltar duine ar fheabhas a chéille; ach bíonn dímheas ar fhear an droch-chroí.

Is fuath leis an bhfíréan an bhréag, ach bíonn an t‑urchóideach ag cúlchaint agus ag tarcaisniú.

Fuasclaíonn a mhaoin an saibhir, ach níl [sás a ghill] ag an daibhir.

Bíodh ardmheas agat uirthi, agus tabharfaidh sí ardú céime duit; tuillfidh sí onóir duit, má theannann tú í le do chroí.

A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].

agus go dtiocfaidh an té a thug an cuireadh duit féin agus dó sin, á rá leat: ‘Tabhair áit dó seo,’ agus go gcaithfeá ansin agus ceann faoi ort an áit is ísle a ghabháil.

Uime sin - agus sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag labhairt anois - fág gur gheall mé go siúlfadh do theaghlach agus teaghlach d'athar i m'fhianaise go brách, anois, áfach - sé an Tiarna Dia Iosrael atá ag caint - i bhfad uaim a leithéid! An mhuintir a thugann onóir domsa, tugaim onóir dóibh; an mhuintir a thugann tarcaisne domsa, ní bheidh meas orthu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí