Deir sibh: “Is tapa a scuabfaí ar shiúl iad ar dhromchla na n‑uiscí; Bheadh mallacht ar a gcuid den talamh. Ní thabharfadh a bhfíonghort toradh uaidh cheal uisce.
Is cosúil an duine sin le crann a plandaíodh ar bhruach na habhann, a thugann a thoradh go tráthúil agus nach bhfeonn a dhuilleoga choíche. Bíonn an rath ar gach aon ní dá ndéanann sé.
Mura n‑éisteann sibh liom agus féachaint chuige go dtabharfaidh sibh glóir do m'ainm, a deir Tiarna na Slua, mallóidh mé sibh sa chaoi go ndéanfar mallacht de gach ceann de bhur mbeannachtaí. Is ea, táim tar éis iad a mhallú cheana féin toisc nach bhféachann sibh chuige sin chor ar bith.
an mhallacht, mura ngéilleann sibh d'aitheanta an Tiarna bhur nDia ach claonadh ón mbealach a d'aithin mé daoibh inniu, le dul sa tóir ar dhéithe eile nárbh eol daoibh cheana.
Ná tabhair aon ní gráiniúil isteach i do theach, nó tiocfaidh tú féin leis faoin mbang a dhála sin; bíodh fuath agus gráin agat dá leithéid óir tá sé faoi bhang.
Seachnaígí sibh féin ar na nithe tíolactha faoin mbang agus ná beirigí libh aon ní atá faoin mbang; d'fhágfadh sin campa uile Iosrael faoin mbang céanna agus thabharfadh sé buaireamh sa mhullach air.
Éirigh agus naomhaigh an pobal agus abair leo: ‘Naomhaígí sibh féin i gcomhair an lae amáraigh; mar deir an Tiarna Dia Iosrael: “Tá nithe atá faoin mbang in bhur measc féin; ní féidir daoibh choíche seasamh in aghaidh bhur naimhde nó go ndéanann sibh a bhfuil faoin mbang a scrios as bhur measc.”