Tabharfaidh tú do bhóthar ort gan bhaol, agus ní bhainfear tuisle as do chosa.
Bíonn mórshuaimhneas ar lucht do dhlí a ghráú; ní bhíonn aon cheap tuisle rompu.
Nár lige sé duit tuisliú go deo; nár dhéana do gharda codladh.
Coimeádfaidh an Tiarna thú ag imeacht is ag teacht duit, anois agus choíche.
bíonn dlí a Dhé ina chroí, ní bhíonn a chosa ag imeacht uaidh.
An té a shiúlann ar chosán na firéantachta, ní baol do; ach an té leanann na casáin chama, béarfar air.
Cosnaíonn sé cosáin na córa; cumhdaíonn sé bealach na ndaoine a bhíonn dílis dó.
Ag siúl duit ní chuirfear bac ar do choiscéimeanna; nuair a rithfidh tú ní bhainfear tuisle asat.
Ag siúl duit, treoróidh siad thú; i do luí duit, déanfaidh siad thú a fhaire; i do dhúiseacht duit, labhróidh siad leat.
Níl duine díobh atá traochta ná tuirseach, ná duine atá ceanntrom ná codlatach; a chrios níl scaoilte dá chorróig ag aon duine acu ná iall a chuid cuarán briste.
a stiúraigh iad tríd an duibheagán chomh réidh le capall ar an machaire fiáin,
Neartóidh mé sa Tiarna iad agus gluaisfidh siad ar aghaidh ina ainm, a deir an Tiarna.