“Bí aireach i mbeart, agus bí san airdeall. Ná déan dearmad ar na nithe a chonaic do shúile cinn agus ná lig dóibh sleamhnú as do chroí aon lá de do shaol; múin do do shliocht iad agus do shliocht do shleachta.
Leabhar seo an dlí, ná fágadh sé do bhéal ach déan do mhachnamh air de lá agus d'oíche, le go ndéanfaidh tú go beacht de réir gach a bhfuil scríofa ann, óir is mar sin a chuirfidh tú an rath ar do ród agus a bheidh an t‑ádh i do bhóthar.
Ach maidir libhse, maireadh agaibh an ní a chuala sibh ó thús. Má mhaireann agaibh ar chuala sibh ó thús, mairfidh sibhse freisin sa Mhac agus san Athair.
Ach maidir libhse, maireann fós ionaibh an t‑ungadh a fuair sibh uaidh, agus ní call daoibh go múinfeadh aon duine sibh mar gur mhúin a ungadhsan gach ní daoibh. Agus is fíortheagasc é, agus ní aon bhréag - mar sin, faoi mar a mhúin sé daoibh, cloígí leis.