Is méanar don té a aimsíonn an eagna, agus don té a fhaigheann greim ar an tuiscint,
Ní féidir í a cheannach ar ór, Ná díol aisti le meáchan airgid.
Ní fiú cuireal ná criostal a lua - I gcóimheas léi ní fiú péarla an t‑iascach.
Tópás na hAetóipe ní ionann agus í, Ná ní féidir í a mheas leis an ór fíre.
Is fearr liom go mór fada dlí do bhéilse ná na mílte d'ór agus d'airgead.
Is fearr an eagna a aimsiú ná an t‑ór; tóg tuiscint mar rogha thar an airgead.
An té a mhaireann leis féin, déanann sé mar is rogha leis agus cuireann [comhairle d'aon sórt] fearg air.
Má lorgaíonn tú í mar a lorgófá airgead, má chuardaíonn tú í mar a chuardofá stór folaithe,
Is díreach iad don té a thuigeann, agus is ceart iad don té a aimsíonn an t‑eolas.
Ní mó ná sin is thar lear atá agus nár mhór duit a rá: ‘Cé rachaidh thar lear dúinn agus é a thabhairt chugainn chun go gcluinfimís é agus déanamh dá réir?”