Ná déan díspeagadh ar smachtú ón Tiarna, agus ná bí míshásta le ceartú uaidh.
Anois is é do thuras féin é, agus theip ar d'fhoighne. Buaileann sé thú féin agus titeann an lug ar an lag agat.
Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia; Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,
Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna; an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.
Má chailleann tú do mhisneach, ní bheidh ach laige i do neart i lá na hanachana.
Ach nuair a thugann Dia breith orainn is dár gceartú a bhíonn sé i dtreo nach ndaorfaí sinn mar aon leis an saol.
Ós le trócaire a leagadh an cúram seo orainn, ní loicimid choíche.
Bíodh a fhios agat as sin go raibh an Tiarna do Dhia do do oiliúint mar a d'oilfeadh fear a mhac.
Déanaigí machnamh, mar sin, ar an té a chuir suas leis na peacaigh a bhí ag cur chomh mór sin ina aghaidh ionas nach dtiocfaidh tuirse ná lagmhisneach oraibhse choíche.
An lucht dá dtugaim grá, ceartaím agus smachtaím; bí díograiseach, uime sin, agus déan aithrí.