Téadh saoi chun argóna le daoi, ach cibé acu i bhfearg nó i ngáire é, ní éireoidh leis.
B'fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileán ná ar amadán i mbun a bhaoise.
Ná tabhair freagra ar an mbaothán de réir a bhaoise, le heagla go rachfá i gcosúlacht leis.
Is fuath le lucht fola an fear gan cháim, ach [is mór le] daoine ionraice a bheo.
Déanann scigirí cíor thuathail de chathracha, ach cuireann saoithe srian le fearg.
Baois is ea tosach a chuid cainte, deargbhuile a deireadh.
“Ná tugaigí do na madraí an rud a bhíonn beannaithe, agus ná caithigí bhur gcuid péarlaí mar bhia chun na muc: satlóidh siad faoina gcrúba iad agus iompóidh siad oraibh féin do bhur réabadh.