Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 29:22

An Bíobla Naofa 1981

Adhnann an fear drochmhianaigh achrann, agus is cúis mhór peaca fear na feirge.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

Mallacht ar a bhfearg de bharr a fíochmhaire agus ar a bhfraoch de bharr a dhanarthachta. Cuirfidh mé scaipeadh orthu in Iacób agus scaoileadh orthu in Iosrael.

Gineann fuath achrann, ach cuireann an grá brat thar gach cóir.

Déanann an duine teasaí bearta baotha, ach bíonn foighne ag fear na tuisceana.

Adhnann an duine lasánta achrann, ach réitíonn an duine sochma aighneas.

An té ar maith leis aighneas, is maith leis [buillí]; fear na mbriathra uaille, bíonn sé ag suirí le drochíde.

Ná déan muintearas leis an té atá tugtha don fhearg, agus ná bíodh caidreamh agat ar fhear drochmhianaigh,

Gualach don ghríosach, brosna do thine, agus fear achrainn le haighneas a adhaint.

Iarann a chuireann faobhar ar iarann; agus cuireann fear faobhar ar fhear eile.

An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige, eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.

Óir déantar cuigeann le maistriú, tagann fuil as an tsrón nuair a bhrúitear í, agus tagann aighneas as an bhfearg nuair a adhntar í.

Mar a mbíonn éad agus uaillmhian dhoicheallach, bíonn corrthónacht agus gach sort drochbhirt.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí