Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 29:21

An Bíobla Naofa 1981

An té a bhíonn ag tláithínteacht le daor óna oige, eisean a bheidh [mar oidhre] air faoi dheireadh.

Féach an chaibidil Cóip

8 Tagairtí Cros  

Féach,” arsa Abrám ansin, “níor thug tú aon sliocht orm i dtreo go mbeidh daor a rugadh i mo theach féin ina oidhre orm.”

Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.

An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.

Adhnann an fear drochmhianaigh achrann, agus is cúis mhór peaca fear na feirge.

Bean thréigthe, nuair a phósann, agus daoirseach nuair a thógann [sí áit] a máistreása.

Ansin dúirt an maor ina aigne: ‘Cad a dhéanfaidh mé, óir tá mo mháistir ag baint na maoirseachta díom? Níl neart ionam chun rómhair, ba nár liom dul le déirc.

Bhí taoiseach céad a raibh seirbhíseach leis tinn agus le hucht báis, agus b'ionúin leis é.

Ach an bhaintreach atá aerach, tá sí marbh cheana féin d'ainneoin í bheith beo.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí