Ní le briathra amháin a cheartaítear an daor; fiú má thuigeann sé iad, ní thabharfaidh sé aird orthu.
Glaoim ar mo sheirbhíseach, ach freagra ní thugann sé; Ní foláir dom dul ag tathant air.
Lasc don each, srian don asal agus bata do dhroim na n‑amadán.
San áit nach mbíonn fís, caitheann an pobal díobh gach srian; ach is beannaithe an té a choimeádann an dlí.
An bhfeiceann tú duine éigin béalscaoilteach? tá níos mó dóchais ann d'amadán ná dósan.
Daor nuair is rí, daoi nuair is sáitheach,