Nuair a bhíonn na hurchóidigh [i gcumhacht], leathnaíonn an peaca; ach feicfidh na fíréin ar lár iad.
Is dílis daingean a chroí gan eagla; feicfidh sé a naimhde á dtreascairt.
Fan leis an Tiarna; bí dílis dó agus tabharfaidh sé ardú céime duit, go mbronnfaidh ort seilbh na talún; agus feicfidh tú díothú na n‑urchóideach.
Ag gabháil thar bráid dom athuair bhí sé imithe; chuaigh mé á lorg ach ní raibh sé le fáil.
Sula dtéitear bhur gcorcáin le teas na ndriseog sciobfar chun siúil iad, idir ghlas agus chríon.
Óir ní gá duit ach féachaint i do thimpeall, chun go bhfeice tú cúiteamh na bpeacach.
Thug tú dom neart an daimh allta, agus dhoirt tú ola úr orm anuas.
níl i ndán dóibh ach léirscrios go brách; ach is tusa, a Thiarna, an Neach is Airde de shíor.
Breathnaíonn an fíréan ar theach an drochdhuine, agus basctar na héagráifigh de dheasca a n‑urchóide.
Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal; nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.
Cé hé nach eagal leis thú, a Thiarna, agus nach dtabharfaidh glóir do d'ainm? Óir is tú amháin is naofa. Agus tiocfaidh na ciníocha uile agus sléachtfaidh romhat le hómós, óir foilsíodh do bhreithiúnais.”
A fhlaitheasa, a naomha, agus a aspala agus a fháithe, bíodh lúcháir oraibh dá barr. Óir thug Dia a bhreith uirthi, breith ar bhur son.”