Scaoileann an t‑amadán lena racht feirge, ach cuireann an saoi srian leis agus smacht air.
Ní dhéanann an t‑amadán aon mhoill ach a fhearg a thaispeáint; ach ní thógann an duine ciallmhar ceann d'achasán.
Coimeádann an duine tuisceanach a chuid eolais i bhfolach; ach fógraíonn croí na n‑amadán a mbaois.
Lonnaíonn an eagna i gcroí fhear na tuisceana ach [níl fiú aithne uirthi] i gcroí lucht na baoise.
Cuireann ciall srian le fearg duine, agus is glóir dó scaoileadh le coir.
Ní aon ionadh go bhfanann an fear críonna ina thost ar uair mar seo; mar is olc an uair atá ann.
Ná cuirigí muinín as bhur gcomharsana; ná téigí ar iontaoibh bhur gcairde. Cosain doirse do bhéil ar do bhean chéile.
Nocht sé a rún ar fad di faoi dheireadh; dúirt sé léi: “Níor bhain rásúr riamh le mo cheann; is naizíreach do Dhia mé ó bhroinn mo mháthar. Dá mbearrfaí mo cheann, ansin chaillfinn mo neart, d'éireoinn lag, agus bheinn mar aon fhear eile.”