Seanfhocal 29:1An Bíobla Naofa 1981An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh. Féach an chaibidil |
Ach chuir an rí isteach air ina chaint dó agus dúirt: “Ar cheapamar thú i do chomhairleoir don rí? Mura mian leat go mbásófaí thú, cuir uait an chaint sin!” Baineadh stad as an bhfáidh, ach ansin lean sé air: “Tá a fhios agam gur chinn Dia ar thú a scriosadh mar gur iompair tú thú féin mar seo agus gur dhiúltaigh tú éisteacht le mo chomhairle.”
Thug tú rabhadh dóibh lena dtabhairt ar ais chun do dhlí; Ach bhorr an t‑uabhar iontu, agus níor chomhlíon siad d'aitheanta; Pheacaigh siad in aghaidh d'orduithe, Na horduithe a bhronnann an bheatha ar fhear a gcomhlíonta; Chroith siad a nguaillí go stuacach, Agus chruaigh a muineál le stailc, agus níor ghéill siad.