An té a iompaíonn a chluas ó éisteacht leis an dlí, is gráiniúlacht fiú a urnaí.
Nuair a thugtar breith air go ndéantar a dhaoradh; agus go raibh a achainí in aistear.
Dá gcothóinn an urchóid i mo chroí ní éistfeadh an Tiarna liom.
An mbeidh cúirt na gcoirpeach i gcomhar leat, an dream a chuireann clóca an dlí ar an mioscais?
Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia, ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.
Is gráin leis an Tiarna íobairt an urchóidigh; is gean leis urnaí an fhíréin.
An té a thugann cluas bhodhar d'éamh an bhochtáin nuair a ghlaofaidh sé féin, ní eistfear leis.
Níl ach gráiniúlacht in íobairt na n‑urchóideach, agus is mó ná sin is amhlaidh é nuair is le drochintinn í.
Ar ndóigh, ní dada sibh agus is neamhní bhur saothar, is gráiniúil an rud é dul i bpáirt libh.”
Má throscann siad ní éistfidh mé a n‑achainí; má thairgeann siad ofráil loiscthe agus íobairt ní ghlacfaidh mé iad. Is mó is rún liom iad a scriosadh leis an gclaíomh, leis an ngorta, leis an bplá.”
Tá a fhios againn nach n‑éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.