Mac gaoismhear a choimeádann an dlí, ach tugann comrádaí na ndrabhlásach náire dá athair.
An té a chuireann a athair as seilbh, agus a chuireann a mháthair chun siúil, is mac gan náire é agus ábhar masla.
An té a chreachann a athair nó a mháthair agus a deir: “Ní aon éagóir é sin!” is comrádaí do bhithiúnach é.
Bronnann an bata agus an ceartú gaois, ach an leanbh a fhágtar faoi féin, cuireann sé náire ar a mháthair.
An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair; ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.
Agus i gcionn beagán laethanta, tar éis don mhac ab óige gach ní a bhailiú le chéile, d'imigh sé ar an gcoigrích go tír i gcéin, agus scaip a shealúchas ansiúd, ag tabhairt a shaoil go drabhlásach.
Ach an mac seo agat nuair a tháinig sé, tar éis do mhaoin shaolta a ídiú le striapacha, mharaigh tú an lao biata dó.’