Nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach, ach nuair a théann siad ar ceal, téann breis ar na fíréin.
D'fhan sé sé bliana ina dteannta, é i bhfolach i dTeampall an Tiarna agus Atailiá i gceannas na tíre.
Seachnaíonn lucht déirce anois na bóithre móra, Agus téann bochta na tíre go léir i bhfolach.
Nuair a bhíonn an lá leis na fíréin, is mór í an lúcháir; nuair a fhaigheann na hurchóidigh ceannas, téann daoine i bhfolach.
An té a thugann déirc don bhocht, ní bheidh easpa air choíche; ach an té a dhúnann a shúile ina choinne, luífidh mallacht ar mhallacht air.
An té a cheartaítear go minic, ach a chruann a mhuineál, bascfar é go tobann gan fáil ar théarnamh.
Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal; nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.