Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 28:25

An Bíobla Naofa 1981

Spreagann an santach achrainn; an té a bhfuil a mhuinín aige as an Tiarna, beidh an rath air.

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Óir is grian agus is sciath é an Tiarna Dia a bhronnann orainn grásta agus glóir. Ní eitíonn sé maitheas ar bith ar an muintir a chaitheann a mbeatha gan cháim.

Gineann fuath achrann, ach cuireann an grá brat thar gach cóir.

Ní fhágann an Tiarna an fíréan gan bhia, ach cuireann sé bac ar chraos an urchóidigh.

Éireoidh an fial saibhir; an té thugann deoch, gheobhaidh sé deoch.

Leanann aighneas stuacacht na n‑éaganta; ach is ag lucht leanta na comhairle atá an eagna.

Bíonn an leisceoir ag tnúthán, ach ní bhíonn dada ina chomhair; ach bíonn an saothrach sáitheach.

Adhnann an duine lasánta achrann, ach réitíonn an duine sochma aighneas.

An té a shantaíonn breis éagórach, tugann sé buaireamh sa mhullach ar a theach; ach an té ar fuath leis breabanna, beidh fad saoil aige.

Cuireann súilfhéachaint chineálta áthas ar an gcroí, agus cuireann dea-scéala neart sna cnámha.

Scigire a thugtar ar fhear an uabhair is an díomais, agus bíonn éirí in airde ina iompar.

Tabhair bata is bóthar don scigire agus baileoidh an t‑aighneas leis, agus beidh deireadh le hachrann is le hachasán.

Adhnann an fear drochmhianaigh achrann, agus is cúis mhór peaca fear na feirge.

Is gaiste é eagla roimh dhaoine, ach ní baol don té a chuireann a mhuinín sa Tiarna.

Beidh an Tiarna do do threorú de shíor agus ag riar do ghá faoi loscadh na gréine. Cuirfidh sé smior i do chnámha agus beidh tú mar ghairdín a fuair riar uisce, ar nós tobar nach dtéann a chuid uiscí i ndísc.

Is mór an t‑údar saibhris í an chráifeacht go deimhin, an té a bhíonn sásta lena chuid.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí