Agus theith Aibseálóm. D'ardaigh an fear faire a shúile agus chonaic díorma mór chuige le fána bhóthar Bhachúraím. [Tháinig sé lena rá leis an rí: “Chonaic mé fir chugainn le fána bhóthar Bhachúraím] ar thaobh an tsléibhe.”
Insíodh do Sholamh rí: “Theith Ióáb go both an Tiarna; tá sé ansiúd le taobh na haltóra.” [Ansin chuir Solamh scéala go Ióáb: “Cén fáth ar theith tú chun na haltóra?” D'fhreagair Ióáb: “Bhí eagla orm romhat.”] Ansin chuir Solamh Banáiá mac Iahóideá uaidh á rá: “Imigh agus treascair é!”
Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna: Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”
‘Seo mo mhionn: Chonaic mé fuil Nábót agus fuil a chlann mhac inné - sé an Tiarna atá ag caint - déanfaidh mé é a chúiteamh leatsa sa ghort céanna.’ Tóg suas é mar sin agus caith isteach i ngort Nábót é de réir bhriathar an Tiarna.”
Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”
“Ach má bhíonn duine i bhfíoch lena chomharsa agus go dtéann in eadarnaí faoina chionn agus go n‑ionsaíonn é agus go ngoineann go marfach agus go bhfaigheann seisean bás, agus ansin go dteithfeadh sé féin i gceann de na bailte sin,