Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 28:15

An Bíobla Naofa 1981

Is cuma nó leon cuthaigh, nó beithir ocrach, drochrialtóir ar phobal bocht.

Féach an chaibidil Cóip

19 Tagairtí Cros  

Is ag an am seo a chreach Manachaem Tapsach, a chuir sé gach duine ann chun báis, agus a chreach sé a dhúiche go léir óThirzeá ar aghaidh de bhrí nár oscail sé a gheataí dó; chreach sé an chathair agus rop sé claíomh i mbroinn gach mná a bhí ag iompar.

Chas sé timpeall agus d'fhéach orthu agus chuir mallacht orthu in ainm an Tiarna. Tháinig dhá bheithir bhaineanna amach as an gcoill agus stolladar beirt agus daichead de na buachaillí.

Dhoirt Manaise an oiread sin d'fhuil neamhchiontach gur líon sé Iarúsailéim ó cheann ceann, gan trácht ar na peacaí inar sheol sé Iúdá i dtreo go ndearnadar an t‑olc i bhfianaise an Tiarna.

Chuireadar iallach ar mhuintir Iosrael dá bhrí sin seirbhis an éigin a dhéanamh,

Ansin thug Forann ordú dá mhuintir go léir: “Gach gin mhic a bhéarfar do na hEabhraigh, caithigí san abhainn é; ach ligigí do na hiníonacha go léir maireachtáil.”

B'fhearr teacht ar bheithir a chaill a cuid coileán ná ar amadán i mbun a bhaoise.

Is geall le glam leoin fearg rí, ach le drúcht ar fhéar a ghnaoi.

Is geall le glam leoin fearg rí, agus an té a ghriogann chun cuthaigh é, milleann sé a bheatha féin.

Nuair a bhíonn na fíréin i gceannas, bíonn lúcháir ar an bpobal; nuair a bhíonn na hurchóidigh i gcumhacht, bíonn an pobal ag osnaíl.

Tá bata na n‑urchóideach briste ag an Tiarna, agus slat ríoga na bhflatha,

an té a ghreadadh na ciníocha go fíochmhar le buillí agus le béimeanna, a smachtaíodh na náisiúin le fraoch, á gciapadh gan sos.

Thug mé fogha fúthu amhail beithir ar baineadh uaithi a coileáin, agus réab mé cochall a gcroí; rinne madraí craos orthu ansin, agus stróic ainmhithe allta as a chéile iad.

Déantar éagóir ar Eafráim, satlaítear ar an gceart, óir níor mhiste leis dul ar thóir na graostachta.

Leoin ag búiríl is ea na huaisle atá istigh inti; mic tíre choineascracha nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin, is ea a cuid breithiúna.

Ansin, nuair a chonaic Héaród go raibh na saoithe tar éis cleas a imirt air, tháinig fearg mhór air, agus chuir sé ordú amach na páistí uile a mharú i mBeithil agus sa chomharsanacht a bhí dhá bhliain nó níos lú, de réir tuairisc an ama a fuair sé ó na saoithe.

Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n‑áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir dhuine éigin le slogadh.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí