Má bhuaileann an fíréan mé is le barr cineáltais é; má thugann sé casaoid dom, is ola do mo cheann é. Ach maidir le lucht an oilc, bím ag urnaí i gcónaí, bíonn m'urnaí i gcónaí in aghaidh a ndrochbheart.
Ansin thóg Máire punt meáchain d'ola an-luachmhar, nard dílis, agus rinne sí cosa Íosa a ungadh leis agus iad a chuimilt lena gruaig. Líon an teach de bholadh cumhra na hola.
Nuair a chuala na bráithre ansiúd fúinn tháinig siad amach inár n‑airicis go dtí Fóram Aipias agus na Trí Tábhairní. Agus nuair a chonaic Pól iad, ghabh sé buíochas le Dia agus mhúscail a mhisneach.
Dúirt an crann olóige leo, ámh: ‘An amhlaidh a thréigfidh mise mo mhéathras, Lena dtugtar onóir do Dhia agus do dhaoine Chun a bheith i réim ar na crainn?’