Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 27:8

An Bíobla Naofa 1981

Is cuma nó éan ar fán óna nead fear atá ar fán óna bhaile.

Féach an chaibidil Cóip

17 Tagairtí Cros  

D'éirigh Abrahám go moch ar maidin dá bhrí sin agus fuair sé arán agus seithe uisce agus thug do Hágár iad; d'ardaigh sé an leanbh ar a gualainn agus chuir chun siúil í. D'imigh sí léi agus bhí ar seachrán ar fud fásaigh Bhéar Seaba.

Ansin d'imigh Cáin leis ó láthair an Tiarna agus chuir sé faoi i dtír Nód, soir ó Éidin.

Ach dúirt Forann leis: “Cad a bhí de dhíth ort faramsa a rá is go bhfuil tú anois ag iarraidh filleadh ar do thír féin?” “Ní raibh aon ní,” ar sé, “ach lig dom imeacht.”

Agus chuaigh sé isteach san uaimh ansiúd agus chaith an oíche ann. Agus tháinig briathar an Tiarna chuige á rá: “Cad tá tú a dhéanamh anseo, a Éilias?”

An té a théann ar fán ó chosán na tuisceana, ligfidh sé a scíth i gcomhluadar na scáileanna.

Dála an ghealbhain a éalaíonn agus na fáinleoige a sceinneann, ní luíonn an mhallacht nach dual ar a sprioc.

Is beag ar an sáitheach mil, ach is milis leis an ocrach gach searbh.

Ag cleitearnach anonn is anall mar a bheadh nead scolamán tréigthe, is amhlaidh atá iníonacha Mhóáb cois áthanna an Arnón.

D'éirigh Ióna ach bhí sé meáite ar theitheadh go Tairsís ó láthair an Tiarna. Chuaigh sé síos go Iopa, mar sin, agus fuair sé long ann a bhí ar tí dul go Tairsís; d'íoc sé an táille agus chuaigh sé ar bord chun taisteal go Tairsís i gcuideachta na foirne ó láthair an Tiarna.

Fanadh gach duine sa ghairm bheatha ina raibh sé nuair a glaodh air.

tonnta fiáine mara iad ag caitheamh a mbearta táire féin aníos mar chúrán; réaltaí fáin iad a bhfuil ifreann duairc i ndán dóibh go brách.

Ansin dúirt an fáidh Gád le Dáiví: “Ná fan sa daingean; imigh leat agus gabh isteach i dtír Iúdá.” D'imigh Dáiví leis dá bhrí sin agus chuaigh isteach i bhforaois Heirit.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí