Is cuma nó sconna ar sileadh gan staonadh lá baistí, báirseoir mná;
Mar a chaitheann na huiscí na clocha, Mar a scuabann an tuile luaithreach na talún leis, - Sin mar a scriosann tú dóchas an duine.
Scriosann amadán mic a athair; is geall le sconna ar sileadh scabhlaeireacht mná.
Is fearr cur fút san fhásach ná le báirseach cancrach mná.
Is fearr cur fút i gcúil sa lochta, ná bheith in aontíos le bean achrainn.
Is geall le bheith ag smachtú na gaoithe, nó ag fáil greim deasóige ar an ola, bheith ag iarraidh í a chosc.