“Bíodh ciall agat, a mhic, agus cuir lúcháir ar mo chroí, le go mbeadh freagra agam ar fhear mo mhaslaithe.
Tabharfaidh mé freagra ar lucht mo cháinte; toisc gur muinín liom do bhriathar.
Bígí críonna, dá bhrí sin, a ríthe; aire chugaibh! a rialtóirí na cruinne.
Cuireann mac eagnaí gliondar ar a athair; ach cúis bhróin dá mháthair amadán mic.
Cuireann mac ciallmhar áthas ar a athair, ach bíonn drochmheas ag amadán ar a mháthair.
Is ciallmhaire an leisceoir dar leis féin ná seachtar fear a d'fhreagródh le stuaim.
Feiceann fear na céille an baol chuige agus téann i bhfolach uaidh; téann na baotháin ar aghaidh agus díolann siad as.
An té a thugann grá don eagna, cuireann sé áthas ar a athair; ach an té a thaithíonn striapacha, scaipeann sé a chuid.
Ba mhór an lúcháir agus an sólás domsa an grá sin agatsa, a bhráthair, mar go bhfuil croí á thabhairt agat don phobal naofa.
Ba mhór mo lúcháir a aireachtáil go bhfuil cuid de do chlann ag siúl san fhírinne de réir na haithne a fuaireamar ón Athair.