Is cuma nó breith ar chluasa mhadra fáin dul sáite in achrainn na gcomharsana.
Níl a thaibhreamh don urchóideach ach ceannairc, cuirfear teachtaire dásachtach fána chomhair dá réir sin.
Tarraingíonn caint an amadáin aighneas air féin, agus tugann a bhéal cuireadh chun é a léasadh.
Is onóir do dhuine aighneas a sheachaint, ach beidh gach amadán ag achrann.
Dála na geilte a chaitheann sméaróidí tine saigheada agus bás,
Na déan achrann gan ábhar le duine nach ndearna aon dochar duit.
Ach dúirt seisean leis: “A chara, cé a cheap mise chun bheith i mo bhreitheamh ná i mo mholtóir oraibh?”