Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 25:6

An Bíobla Naofa 1981

Ná bíodh mustar ort i láthair an rí, agus ná seas in áit na bhflatha,

Féach an chaibidil Cóip

15 Tagairtí Cros  

Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna; níl mo shúile go huaibhreach. Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra, a théann thar m'acmhainn.

Dúirt Maois le Dia: “Cé hé mise a rá is go rachainn ag triall ar Fhorann agus clann Iosrael a thabhairt ón Éigipt amach?”

Is fearr a bheith umhal ó chroí i measc na n‑íseal ná an chreach a roinnt leis na huaibhrigh.

[Ní maith í póit mheala, ná géilleadh do bhladar.]

Díbir na hurchóidigh ó láthair an rí agus beidh a ríchathaoir bunaithe ar an bhfíréantacht.

Óir is fearr go ndéarfaí: “Gabh anseo aníos,” ná go ndéanfaí thú a ísliú i láthair an phrionsa. An rud a chonaic do shúile,

Moladh an fear thall thú, agus ná déanadh do bhéal féin é; déanadh an strainseir é, ach ná déanadh do bheola féin.

Ach nuair a gheobhaidh tú cuireadh, tar agus lig fút san áit is ísle, sa chaoi, nuair a thiocfaidh an té a thug an cuireadh duit, go ndéarfaidh sé leat: ‘A chara, gabh níos faide suas’; ansin beidh onóir ann duit i láthair chách a bhíonn ag bord leat.

“Nuair a thabharfaidh duine éigin cuireadh chun bainise duit, ná téigh i do luí sa chéad áit, le heagla go mbeadh cuireadh ag duine eile uaidh ba mhó le rá ná thú,

Dúirt Samúéil: “Bíodh gur beag an meas atá agat ort féin nach bhfuil tú i do cheann ar threibheanna Iosrael? Rinne an Tiarna thú a ungadh i do rí ar Iosrael




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí