Scag an dríodar ón airgead agus tiocfaidh sé amach glan.
Óir is tú, a Dhia, a thástáil sinn, mar a thriailtear an t‑airgead sa tine.
Don airgead an breogán, don ór an sorn; ach le croíthe a phromhadh, tá an Tiarna ann.
Fág gur ard iad na flaithis agus gur domhain é an talamh, níl dul ar chroí na ríthe a iniúchadh.
Is cuma nó gléas airgid ar áras cré beola sleamhna le croí claon.
“A mhic an duine, is suarach liom muintir Iosrael: amhail prás, stán, iarann agus luaidhe sa chorcán leáite, níl iontu go léir ach sail mhiotail.
d'fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór - rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é - ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.