Ach nuair a d'insíodar dó gach a ndúirt Iósaef leo, agus nuair a chonaic sé na cóistí a chuir Iósaef faoina dhéin, tháinig Iacób an t‑athair chuige féin.
Féach! beidh mé i mo sheasamh ansiúd ar an gcarraig romhat (i Horaeb). Buail an charraig agus snífidh uisce aisti le hól ag an bpobal.” Agus rinne Maois amhlaidh i láthair sheanóirí Iosrael.
Nach álainn ar na sléibhte cosa an té a bhfuil dea-scéala leis, síocháin á craoladh aige, maitheas á fógairt aige, fuascailt á craoladh aige, á rá le Síón: “Tá do Dhia tar éis teacht i réim.”
Hóigh, a lucht an íota, tagaigí faoi choinne uisce; fiú mura bhfuil airgead agaibh, tagaigí; Ceannaigí cruithneacht agus ithigí gan díol as, agus fíon agus bainne gan íoc.
Thaitin an tuairisc seo le clann Iosrael, agus ghabh siad buíochas leis an Tiarna, agus bhí deireadh acu le caint ar chogadh a chur orthu, agus ar an tír inar chuir clann Reúbaen agus clann Ghád fúthu a chreachadh.
Agus dúirt sé liom: “Tá sé curtha i gcrích. Mise Alfa agus Óimige, an tús agus an deireadh. An té a bhfuil tart air tabharfaidh mé rud le hól dó in aisce ó thobar uisce na beatha.
Deir an Spiorad agus an nuachair: “Tar.” Agus an té a chloiseann, abradh sé: “Tar.” Agus an té a bhfuil tart air tagadh sé; agus an té a bhfuil dúil aige ann, bíodh uisce na beatha in aisce aige.