Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 25:21

An Bíobla Naofa 1981

Má tá ocras ar do namhaid, tabhair greim le n‑ithe dó; nó tart, tabhair braon le n‑ól dó.

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

D'fhreagair sé: “Ná maraigh iad. An gcuirfeá chun báis an mhuintir [nár] ghabh tú le do chlaíomh agus le do bhogha? Tabhair arán agus uisce dóibh le go gcaithfidís bia agus deoch agus dul ar ais go dtí a máistir.”

Ainmníodh daoine ar leith agus d'éirigh siadsan agus thug aire do na bránna; aon chuid acu a bhí gan éadach, thug siad éadach ón gcreach dóibh; thug siad éadaí agus cuaráin dóibh, bia agus deoch; agus chuir ola orthu; chuir siad na daoine leonta ina measc ar muin asal agus thug ar ais iad go dtí a ngaolta in Ireachó, cathair na bpailmeacha. Ansin d'fhill siad go dtí an tSamáir.

Tugtar dó socracht agus taca. Dá mbeadh [Dia] ag faire a mbealaí,

Má thiteann do namhaid, ná cuireadh sin lúcháir ort; nuair a bhaintear tuisle as, ná tagadh éirí croí ort,

Ná habair: “Tabharfaidh mé an cor céanna airsean agus a thug seisean ormsa; déanfaidh mé an cúiteamh is dual dóibh le cách.”

bheadh sé chomh maith agat do bhrat a bhaint díot sa doineann. Is cuma nó fínéagra a chur i gcréacht amhráin a chasadh do chroí duairc.

Ach is é a deirimse libh, bíodh grá agaibh do bhur naimhde agus guígí ar son bhur ngéarleantóirí;

Óir má bheireann duine ar a namhaid, an ligfidh sé slán uaidh é? Go gcúití an Tiarna go maith leat a ndearna tú dom inniu.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí