Má fhaigheann tú mil, ith do dhóthain di, ach ná déan craos nó déanfaidh tú í a aiseag.
Déanfaidh tú cibé beagán a íosfaidh tú a aiseag, agus rachaidh do bhladar amú.
Téigh go hannamh go teach do chomharsan, le heagla go n‑éireoidh sé bréan díot agus go dtiocfadh fuath aige duit.
[Ní maith í póit mheala, ná géilleadh do bhladar.]
Ná bí rofhíréanta ná róchríonna ach oiread. Cén fáth a millfeá thú féin?
Bleacht agus mil a chothóidh é go dtí go mbeidh a fhios aige diúltú don olc agus an mhaith a roghnú.
agus de bharr flúirseacht an táil, bia bleachta agus mil a chothóidh a bhfuil fágtha sa tír.
Ach tugaigí aire daoibh féin gan bhur gcroí a ligean chun raimhre le barr ragairne ná meisce ná cúraimí an tsaoil, le heagla go mbéarfadh an lá úd go tobann oraibh
Agus ná bíodh meisce fíona oraibh mar níl ansin ach drabhlás, ach bígí lán den Spiorad,