“Néal beag codalta, múisiam beag, agus na lámha a fhilleadh ar a chéile le scíth a ligean,
An té a bhíonn díomhaoin i mbun a ghnóthaí, is deartháir é don scriosadóir.
Cuireann leisce duine i dtoirchim suain, ach beidh ocras fós ar an duine díomhaoin.
Ná bí ceanúil ar an gcodladh, nó beidh an bhochtaine agat mar chéile; bíodh do shúile ar leathadh agus beidh flúirse bia agat.
Rinne mé mo mhachnamh agus mé ag breathnú air agus d'fhoghlaim mé an ceacht seo ón radharc:
Ansin beidh an bhochtaine le d'ais mar bhithiúnach agus an ghannchúis mar robálaí.”
Dála na comhla a chasann ar a tuislí, casann an leisceoir ina leaba.
Snaidhmeann an t‑amadán a lámha ina chéile agus ní bhíonn an rath air.
Agus de bhrí go dtuigeann sibh an uair atá ann, is mithid daoibh dúiseacht as bhur gcodladh, mar is gaire dúinn ár slánú anois ná nuair a ghlacamar leis an gcreideamh.
agus gach ní a bhíonn follasach, bíonn sé ina sholas. Sin é an fáth a ndeirtear: “Dúisigh a chodlatáin! Éirigh ó na mairbh agus lonróidh Críost ort.”