Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Seanfhocal 24:28

An Bíobla Naofa 1981

Ná tabhair fianaise in aghaidh do chomharsan gan ábhar, agus ná meall daoine le briathra do bhéil.

Féach an chaibidil Cóip

24 Tagairtí Cros  

Agus dúirt an Tiarna leis an Sátan: “Ar thug tú mo sheirbhíseach Iób faoi deara? Níl a leithéid eile ar domhan; fear ionraic fónta is ea é; tá eagla Dé air agus seachnaíonn sé an t‑olc. Cloíonn sé leis an bhfíréantacht i gcónaí; saothar in aisce agat ab ea mé a ghriogadh ina aghaidh lena scriosadh.”

Éiríonn finnéithe bréige i m'éadan do mo cheistiú ach mé aineolach.

Leathadar a líon dom gan chúis: rinneadar uaigh dom gan ábhar.

Do stiúrthóir an chóir. Mascil de chuid Dháiví

Ná tabhair fianaise bhréige in aghaidh do chomharsan.

Ná scaoil scéal bréagach. Ná tabhair lámh chúnta do dhrochdhaoine le fianaise urchóideach.

Ní insíonn finné fírinneach bréag; ach tagann éitheach ón bhfinné bréagach le gach anáil.

Ní rachaidh an finné bréige gan phionós, agus ní rachaidh fear na mbréag slán.

Ní rachaidh an finné bréagach gan phionós, agus scriosfar an té a spalpann éitheach.

Déanfar an finné bréige a mhilleadh, ach tabharfar cluas i gcónaí d'fhocail an duine ghéilliúil.

Is cuma nó cleith nó claíomh nó ga géar an té a thugann fianaise bhréige in aghaidh a chomharsan.

Sin é mar atá ag an té a mheallann a chomharsa agus a deir ansin: “Ní raibh ann ach seó!”

Ná déanaigí goid ná calaois ná feall ar bhur gcomharsa.

“Má pheacaíonn duine agus go ndéanann sé feall ar an Tiarna trí chalaois a dhéanamh ar a chomharsa faoi gheall nó faoi bhannaí, nó trina chuid a choimeád uaidh nó trí leatrom a imirt air;

nó má aimsíonn sé maoin a cailleadh agus go séanann sé é sin; nó má thugann sé mionn éithigh i dtaobh aon pheaca a dhéanfadh duine;

Dúirt seisean: “Ach cén t‑olc a rinne sé?” Ach is ea ba mhó a bhí siad ag screadadh: “Céastar é!”

Ach ionas go gcomhlíonfaí an focal atá scríofa sa dlí acu [é sin]: ‘Thug siad fuath dom gan chúis.’

Cuirigí uaibh an t‑éitheach, dá bhrí sin, agus labhraígí an fhírinne lena chéile, gach duine agaibh, mar is baill dá chéile sinn.

Agus ná hinsígí bréaga dá chéile mar go bhfuil bhur sean-nádúr bainte díbh agaibh mar aon lena chuid gníomhartha

Ach na meatacháin, agus na mídhílsigh, lucht na truaillitheachta, agus na dúnmharfóirí, agus lucht an adhaltranais, na hasarlaíochta agus an íoladhartha, agus lucht an éithigh go léir, is é atá i ndan dóibh, a bheith sa linn tine agus ruibhe. É sin an dara bás.”

Amach leis na madraí, na hasarlaithe, na hadhaltranaigh, na dúnmharfóirí, lucht an íoladhartha, agus gach duine a bhfuil cion aige ar an éitheach agus a chleachtann é.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí